Abstract: Story collected by a student at Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) school (Claregalway, Co. Galway) from informant Máirtín Ó Dubhagáin.
Original reference: 0032/3/25
School Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) [Vol. 0032, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) [duchas:4565603]
Nuair a bhí Íosa Críost agus Naomh Peadar ag siubhal an domhain fadó casadh fear leo agus thosuigh sé ag iarraidh déirce orra agus níor thug siad aon phinginn dó. Do shiubhaileadar píosa eile agus do casadh fear eile leo agus thosuigh sé ag iarraidh déirce agus thug Íosa Críost sgilling dó. D'fhiafruigh Naomh Peadar dhe cé'n fáth ar thug Sé sgilling do'n fhear seo agus nár thug sé pinginn ar bith do'n chéad fhear agus dubhairt Sé go raibh a dhóthan airgid aige. Do shiublaileadar leo annsin agus nuair a tháinigeadar go dtí siopa in-a raibh go leor daoine istigh ann ag ól dubhairt Íosa le Naomh Peadar dhul isteach ann agus go bhfeicfeadh sé an fear gur thug Sé an sgilling dó agus é ag ól pionta leanna. Nuair a tháinig sé amach dubhairt Íosa leis píosa eile do shiubhal agus go bhfeicfeadh sé an chéad fhear caillte le ocras. An chéad chlaidhe a chonnaiceadar, chuaidh siad go dtí é agus bhí an fear ann agus é caillte. Dubhairt Íosa le Naomh Peadar an fear do chuartughadh go bhfeicfeadh sé an raibh aon airgead aige agus fuair sé cearc ascaill aige. Annsin dubhairt Íosa leis dul soir go dtí an droichead a bhí soir píosa uathu. Chuaidh siad soir agus nuair a thaingeadar go dtí an
Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí) [duchas:4565604]
droichead dubhairt Íosa le naomh Peadar é a chaitheamh ins an abhainn agus do chaith sé amach píosa dhe agus dubhairt Íosa leis é a chaitheamh amach ar fad agus do chaith sé amach píosa eile de. Dubhairt Íosa annasin mara gcaithfeadh sé amach ar fad é gurbh shin é a f'fhágfadh sainnt na sagart i n-a dhiaidh go bráth.
Original reference: 0032/3/25
Nuair a bhí Íosa Críost agus Naomh Peadar ag siubhal an domhain fadó casadh fear leo agus thosuigh sé...
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5